Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Háítí |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Pennsylvania - ríomheolaíocht (–1992) Coláiste Cathrach Nua-Eabhrac - ríomheolaíocht |
Comhairleoir dochtúireachta | Mitchell Marcus |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Crióilistic |
Gairm | criólaí, eolaí ríomhaireachta, múinteoir, teangeolaí |
Fostóir | Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts, ollamh (1996–) |
Teangacha | An Fhraincis, Criól Háítí agus Béarla |
Is teangeolaí Háítíoch agus saineolaí ar theangacha crióil é Michel Frederic DeGraff.[1] Tá sé ina ollamh le teangeolaíocht in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts,[2] stiúrthóir ar an Tionscnamh MIT-Haiti, agus ina bhall de bhord eagarthóireachta an Journal of Haitian Studies.[2] Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí Acadamh Chriól Háítí chomh maith.[3] Sa bhliain 2022, toghadh é mar chomhalta de Chumann Teangeolaíochta Mheiriceá, an gradam is airde sa réimse acadúil.[4] Tá clú agus cáil air as a chuid taighde a thacaíonn leis an dearcadh gur teanga lánfhorbartha é Criól Háítí.[2] Sa bhliain 2012, fuair sé deontas $1 milliún ón bhFondúireacht Eolaíochta Náisiúnta (SAM) chun ábhar ar líne i gCriól Háítí a thabhairt isteach i múinteoireacht ETIM[5] i Háití.[2] Creideann sé gur chóir leanaí Haitíocha a mhúineadh ina dteanga dhúchais ag gach leibhéal oideachais, dearcadh a thagann salach ar an traidisiún seanbhunaithe sa tír, is é sin múinteoireacht trí mheán na Fraincise, teanga iasachta don chuid is mó acu.[6]
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search